Want to make creations as awesome as this one?

More creations to inspire you

SUNITA NARAN

Interactive Image

BOARDS BOOK SERIES

Interactive Image

TRAIN

Interactive Image

DESMOND TUTU

Interactive Image

CRAIG HODGES

Interactive Image

CLC MALL MAP

Interactive Image

Transcript

Port na bPúcaí An Blascaod Mór // Muiris Ó Dálaigh Sa bhliain 2019 tháinig na veidhleadóirí Seán Hughes agus Clíodhna Ní Bheaglaoich chuig ITMA chun taighde a dhéanamh ar stór ceoil na háite. Sa phroiséas san, thánadar trasna an leagan neamhchoitianta seo de Phort na bPúcaí ó Mhuiris Ó Dálaigh. Do bhí sé ag portaireacht an fonn seo mar válsa, rud a bhí taifeadta ag an gComhairle Bhéaloideas Éireann sa leabhar/CD Otherworld. Sheinn an bheirt an leagan seo ag a dtaispeántas ag Scoil Cheoil an Earraigh in 2020. Foinsí: Taighde: Seán Hughes agus Clíodhna Ní Bheaglaoich Leabhar: Otherworld

Pólca Deálaí #2 Dún Chaoin // Muiris Ó Dálaigh Rugadh Deálaí ar Inis Mhic Uibhleáin ach chaith sé formhór dá shaol in Dún Chaoin. Bhí a chuid ceoil bríomhar agus cuirfeadh fonn rince ort éisteacht leis. Dúirt Séamus Ó Beaglaoich gur chuir sé luas le steipeanna an seit Ciarraí Thiar trída chuid beocht. Is minic gur sheinn sé i dteannta Seáinín Mhicil ar an veidhlín. Fuair Deálaí bás ar an gceathrú lá de Dheireadh Fómhair 1990. Tagann an leagan áirithe seo ón leabhar An Pota Stóir a bhí foilsithe agus eagraithe ag Feargal MacAmhlaoibh agus Con Durham. Tá rogha iontach de cheol seite Chorca Dhuibhne sa leabhar seo. Foinsí: Leabhar: An Pota Stóir

Seaghan Stail Ceann Trá // Tomás Ó Cinnéide Do bhailigh an Canónach Séamas Goodman uallach cheoil ó Chiarraí Thiar, go háirithe ón sar-phíobaire Tomás Ó Cinnéide a mhair i gCeann Trá. Tá an méid a bhí bailithe aige le fáil sna leabhair Tunes of the Munster Pipers 1&2 eagraithe ag Hugh agus Lisa Shields. In leabhar 1 ach go háirithe tá tagairtí déanta don bpíobaire Cinnéide agus a stór ceoil. Tá sé ar fáil ar an suíomh ITMA mar scór idirghníomhach. Pórt fíor shuimúil is ea Seaghan Stail agus macalla de phoirt difriúla le chlos ann. Cuireann sé an sleamhnáin Ceol a Mhala a bhí taifeadta ag Séamus Ó Beaglaoich agus Stiofán Ó Cuanaigh ar an albam Meitheal i gcuimhne. Foinsí: Leabhar: Tunes of the Munster Pipers 1&2 Scór Idirghníomhach: Seaghan Stail Meitheal: Ceol a Mhala

Port Aitheantais na gCaipíní Dún Síon // Muiris Ó Cuinn Tagann an port seo ón albam Caipíní a bhí foilsithe ag Breanndán Ó Beaglaoich, Níamh Ní Bhaoill agus Phillip King sa bhliain 2004. Do dheineadar clár darb ainm céanna do TG4 ag roinnt scéalta, amhráin agus ceoil lucht na gCaipíní. Bhí os cionn 30 uair a chloig taifeadta acu ach níor chuaigh ach uair a chloig amháin amach ar TG4. Tugann an albam seo léargas cuimsitheach do cheol na gCaipíní. Cloistear Breanndán in éineacht le Muiris Ó Cuinn ag seimint Port Aitheantais na gCaipíní ar an chéad raon don albam. Rugadh Muiris Ó Cuinn in Dún Síon, cé gur chaith sé a shaol in Corraghráig. Foinsí: Clár: Caipíní

Old Comerades An Daingean // Lá an Dreoilín Tá baint dogheighilte ag an Daingean agus Lá an Dreoilín. Cloistear an port seo go minic ar na feadóige nó na fífeanna agus na bannaí ag siúl na sráide. Sa traidisiún, cuirtear ainmneacha ar nós I Lost my Love agus I won't marry her ar an bport seo. Tá leagan do le fáil sa leabhar The Ancient Music of Ireland, a bhí bailithe ag George Petrie i gCo. an Chláir agus ansan foilsithe sa bhliain 1855. Tá tuilleadh eolais mar gheall ar Lá an Dreoilín ar fáil sa leabhar Green and Gold scríte ag Steve MacDonogh. Foinsí: Leabhar: Green and Gold Leabhar: The Ancient Music of Ireland-George Petrie

Sleamhnán Lios Póil Lios Póil // Seán Ó Duinnshléibhe Tháinig an sleamhnán seo ó stór ceoil Seán Ó Duinnshléibhe. Tá sé le fáil sa leabhar múinte ceoil Ceol Duibhneach agus chomh maith, in san leabhar/cd nua-fhoilsithe Beauty an Oileáin. Cé gurbh baint airithe ag an bport seo le muintir agus ceol Lios Póil, is léir gur thaitin sé le muintir an Oileáin chomh maith. Tá sé le chlos chomh maith ar albam consairtín le Caroline Keane Shine a éisigh sí sa bhliain 2020. Foinsí: Leabhar: Ceol Duibhneach Leabhar/CD: Beauty an Oileáin Albam: Shine

Sleamhnán John Bhell Baile an Chalaidh // Seán Ó Duinnshléibhe Sleamhnán annamh ansa a tháinig ó stór ceoil Sheáin Ó Duinnshléibhe nó John Bhell mar a thugtaí air. Tá sé ar fáil sa leabhar Beauty an Oileáin agus ar a CD atá ina chuideachta. Rugadh in Springfield, Massachusetts ach d'aistrigh sé go na hOileáin, an áit óna tháinig a mhuintir féin. Nuair a thréigeadh an t-Oileán in 1953, bhog sé go Baile an Chalaidh. Bhí sé sa tóir mar cheoltóir agus rinceoir go dtí gur cailleadh é in 1989. Foinsí: Leabhar: Beauty an Oiléain

The Swallow's Tail An t-oileán thiar // Seáinín Mhicil Ríl a bhain cáil amach nuair a bhí sé taifeadta ag Michael Coleman in 1927 i Meiriceá. Is rud suimiúl é gur dhein an port an turas chomh fada leis na hoileáin. An veidhleadóir Seáinín Mhicil Ó Suailleabháin is ea ár bhfoinse don leagan áirithe seo. Tá sé ar an CD a thagann leis an leabhar Beauty an Oileáin a léirigh Ríonach Uí Ógáin sa bhliain 2022. Do dhein sé a chuid veidhlíní féin as adhmad raice agus do bhíodh sé ag seimint do na rince seite chomh maith. Foinsí: Michael Coleman: Swallow's Tail Leabhar: Beauty an Oileáin

Polca Joan Martin Cill Chuain // Joan Martin Is í Joan Martin ó Cill Chuain foinse an phoirt seo. Bhí sí aitheanta mar ceoltóir cumasach agus rinceoir iontach. Is mó na comórtaisí a bhí buaite aici mar bhall de Sheit an Chuasa agus í ag rince i dteanna a fear céile Tommy. Cailleadh í ar an dara lá déag de Mheitheamh 1986. D'fhoghlaim Páid Dan Beag Ó Gairbhí an polca seo uaithi agus tá a sheana stíl álainn le clos ar an albam Caipíní léirithe ag Breanndán Ó Beaglaoich, Niamh Ní Bhaoill agus Phillip King in 2004. Foinsí: Leabhar: Ceol Duibhneach Clár Teilifíse: Caipíní

Polca Tom Mhick Cathair Scoilbín // Tom Mhick Groiméil Polca ansa, a tháinig ó ghlúin go glúin, ó athair Johnny Gromail go Tom Mhick Groiméil. Amhránaí, ceoltóir agus rinceoir aitheanta ab ea é Tom Mhick a rugadh i gCathair Scoilbín ach a mhair agus a oibrigh i Meiriceá ar feadh ceithre bliana déag. Fuair sé a chuid steipeanna agus ceoil óna athair agus a athair críonna, Seán Mhichíl. Cailleadh é ar an tríú lá d'Eanair 1994. Is minic a chloistear an polca seo sa dúthaigh anois, go hairithe ó Bhreanndán agus muintir uí Bheaglaoich. Foinsí: Leabhar: Pota Stóir: Ceol Seite Chorca Duibhne Leabhar: Ceol Duibhneach Breanndán Ó Beaglaoich: Polca Tom Mhick ó Chartlann ITMA

Seán Coughlan's Kesh Seán Coughlan // Arda Móra Leagan binn agus ceolmhar don Kesh Jig mar a bhí sé age Seán Coughlin atá ansa. Bhí Seán ar dhuine de mhórcheoltóirí Chorca Dhuibhne agus bhí meas ar mar cheoltóir iontach don oíche rince i seana halla na Muirí. Dúirt sé mar gheall ar seimint do rinceoirí: Tairig amach an ceol agus ná bí ag ithe na nótaí mar beidh cosa na rinceoirí ag dul in achrann a chéile. Sna 90aidí, bhain Séamus Ó Beaglaoich (1949-2023) agus Stiofán Ó Cuanaigh clú agus cáil amach ag seimint an port áitiúla seo ar an CD Meitheal. Chuir Séamus a stíl agus a spiorad bríomhar féinig isteach sa leagan álainn seo. Foinsí: CD: Meitheal Leabhar: Ceol Duibhneach

The Humours of Glendart Corrghráig // Muiris Ó Cuinn Tháinig an leagan seo don ríl The Humours of Glendart ó stór ceoil Muiris Ó Cuinn agus é ag seimint ina aonar ar an albam Caipíní. Tháinig sé ó Dhún Síon go Corrghráig in 1931 go dtína uncail John O'Donnell. Fuair sé neart ceoil ó John O'Donnell (Feothanach) agus Seán Coughlin (Arda Mór). Boscadóir, veidhleadóir, amhránaí agus rinceoir seite ab ea é Muiris agus do bhíodh sé ag seimint sna títhe tábhairne agus na céilithe. Cailleadh é ar an 19ú Deireadh Fómhair 2009. Foinsí: Clár Teilifíse: Caipíní Leabhar: Ceol Duibhneach