Want to make creations as awesome as this one?

Transcript

%

Trasnaíonn an snáithe seo gach ceann de na snáitheanna comhthéacsúla agus tá se comhdhéanta de shé ghné na sonraíochta.

1

An Snáithe Aontaithe

Níl aon ábhar sonrach nasctha leis an snáithe seo; seachas sin, tá a thorthaí foghlama mar bhonn

agus taca ag an gcuid eile den tsonraíocht.

Tá gach toradh foghlama sa snáithe seo infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí agus an t-ábhar uile sna ceithre shnáithe eile – mar shampla, ba chóir go mbeadh an scoláire in ann leas a bhaint as a eolas matamaiticiúil uile agus as a scileanna matamaiticiúla uile chun fadhb a réiteach nó chun matamaitic a chur in iúl.

Struchtúr le haghaidh an Snáithe aontach

Gnéithe don Snáithe Aontaithe

Bloic thógála

Léiriú

Naisc

Réiteach fadhbanna

Ginearálú agus

cruthúnas

Cumarsáid

Bloic thógála

Ba cheart don scoláire na coincheapa atá mar bhonn agus taca ag gach snáithe a thuiscint agus a thabhairt chun cuimhne, agus ba chóir go mbeadh sé in ann na gnásanna a eascraíonn as sin a chur i gcrích go cruinn, go héifeachtach, agus go cuí.

+ Torthaí foghlama

A.1 na nósanna imeachta agus na coincheapa bunúsacha atá mar bhonn agus taca ag gach snáithe a thabhairt chun cuimhne agus a thuiscint


A.2 na gnásanna a bhaineann le gach snáithe a chur i bhfeidhm go cruinn, go héifeachtach, agus go cuí


A.3 a aithint gurb ionann cothroime agus coibhneas ina bhfuil an luach céanna ag dhá shlonn mhatamaiticiúla

Léiriú

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire cás matamaiticiúil a léiriú ar bhealaí éagsúla agus aistriú eatarthu go solúbtha.

+ Torthaí foghlama

A.4 cás matamaiticiúil a léiriú ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear: go huimhriúil, go hailgéabrach, go grafach, go fisiciúil, i bhfocail; agus na léirithe sin a léirmhíniú, a anailísiú agus a chur i gcomparáid lena chéile

Naisc

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire naisc a dhéanamh laistigh de shnáitheanna agus idir snáitheanna, chomh maith le naisc a dhéanamh idir an mhatamaitic agus an fíorshaol.

+ Torthaí foghlama

A.5 naisc a dhéanamh laistigh de shnáitheanna agus idir snáitheanna


A.6 naisc a dhéanamh idir an mhatamaitic agus an fíorshaol

Réiteach fadhbanna

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire imscrúdú a dhéanamh ar phatrúin, tuairimí a chumadh, agus dul i mbun tascanna nach mbíonn

réiteach soiléir orthu a chéaduair, i gcomhthéacsanna aithnidiúla agus i gcomhthéacsanna neamhaithnidiúla araon.

+ Torthaí foghlama

A.7 ciall a bhaint as fadhb áirithe agus, más gá, plé le cás go matamaiticiúil


A.8 a eolas agus a scileanna a úsáid chun fadhb a réiteach, lena n-áirítear í a bhriseadh síos ina codanna soláimhsithe agus/ nó í a shimpliú trí úsáid a bhaint as foshuíomhanna cuí


A.9 a réiteach ar fhadhb a léirmhíniú i gcomhthéacs na ceiste bunaidh


A.10 measúnú a dhéanamh ar réitigh fhéideartha éagsúla ar fhadhb, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar réasúntacht na réiteach, agus fiosrú a dhéanamh maidir le feabhsúcháin agus/nó srianta féideartha ar na réitigh (más ann)

Ginearálú agus

cruthúnas

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire aistriú ó chásanna sonracha go ráitis mhatamaiticiúla ghinearálta, agus argóintí agus cruthúnais

mhatamaiticiúla a chur i láthair agus a mheas.

+ Torthaí foghlama

A.11 tuairimí nó ráitis mhatamaiticiúla ghinearálta a chruthú bunaithe ar chásanna sonracha


A.12 argóintí agus cruthúnais mhatamaiticiúla a chruthú agus a mheas

Cumarsáid

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire an mhatamaitic a chur in iúl go héifeachtach i bhfocail agus i scríbhinn.

+ Torthaí foghlama

A.13 an mhatamaitic a chur in iúl go héifeachtach: a réasúnaíocht a chosaint, a torthaí a léirmhíniú, a conclúidí a mhíniú, agus teanga agus nodaireacht na matamaitice a úsáid chun smaointe matamaiticiúla a chur in iúl go beacht