Want to make creations as awesome as this one?

Transcript

Ag cabhrú leis na 5 Scil Teanga in NTI

Inniúlacht Chumarsáide na Scoláirí a Fhorbairt

Tosaigh

Na cúig scil teanga do NTI ag an tSraith Shóisearach

Straitéisí chun cabhrú le rochtain agus dúshlán i bhforbairt inniúlacht chumarsáideach.

Éisteacht

Idirghníomhaíocht Labhartha

Giniúint Labhartha

Réamhrá

Scríbhneoireacht

Léitheoireacht

Cliceáil ar na deilbhíní gorma le do thoil chun teacht ar na straitéisí

Cad é a deirtear sa tSonraíocht?

' Tá an tsraith shóisearach uileghabhálach i dtaca le gach scoláire. cuirtear le comhionannas deise, rannpháirtíochta agus torthaí do chách.'(Sonraíocht NTI, lch. 3)

'Agus teangacha iasachta á bhfoghlaim aige, tá páirt ghníomhach á ghlacadh ag an scoláire i ngníomhaíochtaí agus i dtascanna ina gcomhtháthaítear na cúig scil teanga: éisteacht, léitheoireacht, ginchumas ó bhéal, idirghníomhú labhartha agus scríbhneoireacht. Mar thoradh air sin, is le neamhspleáchas, le muinín agus le cruthaitheacht níos mó a dhéanann sé cumarsáid. Ós rud é gur gníomhaíocht shóisialta agus gníomhaíocht phearsanta atá san fhoghlaim agus mar gur cuid lárnach de theanga í cumarsáid, is iomaí deis atá ag an scoláire agus é ag foghlaim teangacha oibriú le daoine eile ar mhaithe lena scileanna teanga a fhorbairt agus spriocanna cuí a bhaint amach.' (Sonraíocht NTI, lch. 4)

Cliceáil le haghaidh straitéisí a thacaíonn le forbairt na gcúig scil teanga

Scileanna a Fhorbairt in NTI

Gníomhaíochtaí Réamhfhoghlama

Gníomhaíochtaí Réamhfhoghlama Cleachtaí Réamhaíochta Cleachtaí Scaflála Cleachtaí Forbartha Ceisteanna múinteoirí atá pleanáilte go cúramach

Gníomhaíochtaí Le linn Foghlama

Trialacha Iomlánaithe (Cloze tests) Cruthaigh Achoimrí Cuir tic sna boscaí Scríobh síos an méid a fheiceann tú, a chloiseann tú nó a bhraitheann tú

Gníomhaíochtaí Iarfhoghlama

Ceisteanna a Chumadh Cleachtaí Scaflála Obair i mBeirteanna Ceistiú

Straitéisí eile chun cabhrú le scoláirí a scileanna éisteachta a chur chun cinn:

  1. Frámaí Éisteachta – cuimsíonn sé seo gníomhaíochtaí foghlama éagsúla chun an scil éisteachta a fhorbairt. Mar shampla, tar éis dóibh éisteacht le mír, iarrtar ar scoláirí i mbeirteanna a thuar cad é a cheapann siad a tharlóidh ina dhiaidh sin, naisc a dhéanamh leis an réamhfhoghlaim nó an scéal a athinsint ina bhfocail féin
  2. Spreagadh closamhairc - d'fhéadfaí gearrthóg chlosamhairc a chasadh le tras-scríbhinn. Cabhraíonn sé sin le scoláirí an focal scríofa a cheangal leis an bhfocal labhartha, stór focal nua a aithint agus tacaíonn sé le fuaimniú. Tá neamhspleáchas ag scoláirí ábhair a roghnú a bhfuil spéis acu iontu is féidir leo a chasadh agus a athsheinm ar a ngléas féin taobh amuigh d'am ranga
  3. Úsáid spriocdhírithe fotheideal – féachtar ar phíosa ar dtús le fotheidil sa Sprioctheanga (S.T.) agus ansin féachtar air gan iad
  4. Luasú fuaime - tugann sé deis do scoláirí luas na míre a mbíonn siad ag éisteacht léi a mhoilliú. Méadaíonn sé seo a dtuiscint ar an ábhar fuaime
  5. Ceisteanna a dhearadh go cúramach - is féidir le scoláirí teacht ar phíosa a thugann a ndúshlán. Cuirfidh sé sin le heispéireas foghlama na scoláirí agus iad ag forbairt a gcuid scileanna éisteachta.

Scil na hÉisteachta- ag cabhrú le scoláirí in NTI

Straitéisí chun cabhrú le scoláirí a scileanna léitheoireachta a chur chun cinn:

  1. Cleachtadh Réamhaíochta - spreagadh ar nós grianghraif, íomhá nó greannáin a phlé chun fiosracht a ghníomhachtú agus naisc a dhéanamh
  2. Scanadh le haghaidh brí - ceannteidil léitheoireachta, fo-theidil amháin, ag lorg focal mar atá sa Bhéarla chun réamhfhoghlaim a ghníomhachtú agus téamaí a thuar
  3. Straitéisí chun eolas a aisghabháil -pictiúir a mheaitseáil leis an téacs, frásaí a mheaitseáil le sainmhínithe, tús agus deireadh abairtí a mheaitseáil
  4. Faisnéis a eagrú le haghaidh brí - seicheamhú, tús áite a thabhairt, na bearnaí a líonadh, gníomhaíochtaí fíor nó bréagach
  5. Léamh oiriúnaithe -léann na scoláirí leaganacha éagsúla den téacs agus cuireann siad an méid atá léite acu i ngníomhaíocht mhíreanna mearaí
  6. Parsáil - briseann an teicníc seo píosaí níos mó léitheoireachta síos ina phíosaí níos lú atá níos inláimhsithe. Chun tuilleadh eolais a fháil féach an bhileog bhreise
  7. Léitheoireacht chomhroinnte - is féidir é seo a dhéanamh i mbeirteanna ina dtógann gach duine seal. Chun tuilleadh eolais a fháil féach an bhileog bhreise

Scil na Léitheoireachta- ag cabhrú le scoláirí in NTI

Straitéisí chun cabhrú le scoláirí a scileanna idirghníomhaíocht labhartha a chur chun cinn:

  1. Malairt Foghlama - ullmhaíonn scoláirí na ceisteanna ar dtús mar obair baile. Tugann an straitéis seo deis do scoláirí taighde a dhéanamh sula dtugtar an téama isteach
  2. Agallamh nó rólghlacadh- tugann sé seo deis do scoláirí idirghníomhú go cruthaitheach sa ST, rud a ligeann dóibh ionsamhlú a dhéanamh ar shuíomhanna ón bhfíorshaol
  3. Gníomhaíochtaí drámaíochta - tugann sé deis do scoláirí idirghníomhaíochtaí ón gceol (ar nós rap); fógraí raidió/teilifíse agus inneachar meán sóisialta a athbhunú. Is foirm dhrámatúil í an mhím is féidir a úsáid i mbeirteanna nó i ngrúpaí. Déanann scoláirí cur síos ar a bhfuil á mhúscailt nó caithfidh scoláirí buille faoi thuairim a thabhairt faoi Cad é atá á mhímeáil – siopadóireacht san ollmhargadh, ag fáil faoi réir don scoil agus mar sin de
  4. Obair ghrúpa - róil a shannadh in obair ghrúpa idirghníomhaíocht labhartha ionas go mbeidh ar gach ball páirt a ghlacadh ar bhealach fiúntach le gur féidir leis an ngrúpa a sprioc dheiridh a bhaint amach.

Scil na hIdirghníomhaíochta Labhartha- ag cabhrú le scoláirí in NTI

Scil na hIdirghníomhaíochta Labhartha- ag cabhrú le scoláirí in NTI

Straitéisí chun cabhrú le scoláirí a scileanna idirghníomhaíocht labhartha a chur chun cinn:5. Skype/Zoom sa seomra NTI – má dhéantar scoláirí a phéireáil nó a chleamhnú lena gcomhghleacaithe i bpobal an ST tugtar an deis le haghaidh cumarsáide ón bhfíorshaol. Tugann eTwinning roinnt deiseanna iontacha dó seo6. Randamóir - roghnaíonn an uirlis seo ainmneacha go randamach. Is féidir le scoláirí idirghníomhú sa ST le comhscoláirí éagsúla, agus sóisialú a fheabhsú dá réir7. Trí acmhainní fisiciúla - póstaeir sa ST agus cairteacha boird an ranga ar a bhfuil nathanna ST, tacaítear le hidirghníomhaíocht labhartha i ngníomhaíochtaí ar nós rólimirtí, agallaimh agus díospóireachtaí8. Painéal Emoji - is féidir íomhánna emoji a úsáid chun idirghníomhaíocht labhartha ar phríomhfhoghlaim a éascú nó mar chuid de scéal simplí ag insint scéil. Is féidir emojis a phriontáil nó a chur i láthair i bhfoirm dhigiteach. Mar shampla emojis de theaghlach, is féidir le teach agus le madra tacú le cás comhrá ón bhfíorshaol a thacaíonn, ar a sheal, le foirmliú ceisteanna, freagraí agus cuntais.

Straitéisí chun cabhrú le scoláirí a scileanna ginchumais ó bhéal a chur chun cinn:

  1. Gníomhaíocht mhata boird – oibríonn na scoláirí ina n-aonar agus ansin le chéile chun ceisteanna nó pointí plé a tháirgeadh maidir le cás/comhthéacs cumarsáideach. Éascaíonn sé sin foirmliú labhartha na bpríomhfhocal timpeall an téama atá á fhorbairt san fhoghlaim
  2. Smaoinigh-Péireáil-Roinn – oibríonn scoláirí i mbeirteanna ar ghníomhaíochtaí foghlama. Déanann na scoláirí machnamh ina n-aonar ar phríomhsmaointe agus ansin cleachtann siad iad a chumadh ó bhéal i mbeirteanna agus is as sin a thagann comhroinnt mhuiníneach sa sprioctheanga
  3. Spléach-chártaí - tugann scoláirí faoi deara príomhfhocail agus leideanna sa ST ar spléach-chártaí chun cabhrú lena nginchumas ó bhéal
  4. Scileanna fuaimnithe – roinn gearrthóga fuaime ar fhoghlaim atá á chlúdach sa rang do chleachtadh fuaimniú féinstiúrtha. Déanann na scoláirí féinmheasúnú le bileog mhachnaimh.

Scil an Ghinchumais ó Bhéal – ag cabhrú le scoláirí in NTI

Straitéisí chun cabhrú le scoláirí a scileanna ginchumais ó bhéal a chur chun cinn:5. Fotheidil a bheith ina gcuid den ghinchumas ó bhéal – chun na spreagthaí a athrú chun cabhrú le fuaimniú, is féidir le scoláirí fotheidil a chur isteach le cuidiú leis an gcleachtadh6. Féintaifeadadh – úsáideann scoláirí uirlisí taifeadta a fhaightear ar ardán foghlama fíorúil na scoile nó ar a rogha gléas. Éisteann na scoláirí athuair agus déanann siad féinmheasúnú/piarmheasúnú nó déanann an múinteoir measúnú7. Scafláil le haghaidh ginchumas ó bhéal - moltar do scoláirí uirlisí a úsáid le gnéithe fuaimnithe mar Word Reference, Google Translate, MS Word agus Forvo. D'fhéadfadh siad sin a bheith ina gcuidiú i ngníomhaíochtaí ina mbíonn scoláirí ag pleanáil inneachair don ghinchumas ó bhéal. Is féidir le gach scoláire fuaimniú a sheiceáil agus iad ag obair i mbeirteanna, i ngrúpaí nó go neamhspleách sa bhaile.

Scil an Ghinchumais ó Bhéal – ag cabhrú le scoláirí in NTI

Is féidir scafláil a dhéanamh ar an scríbhneoireacht ar roinnt bealaí. De réir mar a fhorbraíonn scileanna scríbhneoireachta is féidir na scaflálacha seo a scálú siar. Seo roinnt smaointe maidir le scafláil:

  1. Fráma scríbhneoireachta - is imlíne chnámharlaigh é seo ina mbíonn príomhfhocail agus leideanna chun smaoineamh a fhorbairt ina abairt agus tógáil air sin go dtí go mbíonn sraith paragraf ann.
  2. D'fhéadfaí teimpléad de thosaitheoirí abairte agus focail nasctha a thairiscint sa ST chun abairtí a fhorbairt ina n-alt. Foghlaimíonn na scoláirí conas roinnt alt a nascadh le chéile de réir mar a éiríonn siad ina scríbhneoirí níos muiníní
  3. Banc focal- is liosta focal é seo a bhaineann leis an bhfoghlaim atá beartaithe agus a chabhraíonn leis an scoláire ina chuid scríbhneoireachta. Chabhródh bainc focal le scoláirí atá ag tosú a scríobh sa ST
  4. Scileanna scríbhneoireachta a léiriú - soiléirítear Critéir Ratha shainithe trína léiriú cén chuma a bhíonn ar théacs rathúil. Déanann na scoláirí measúnú ar mhúnlaí ina mbeirteanna, i gcoinne na gCritéar Ratha agus úsáideann siad iad chun a shoiléiriú níos mó conas dul ar aghaidh agus mír scríbhneoireachta dá gcuid féin a chumadh
  5. Scéalchláir- Féachann na scoláirí ar ábhar closamhairc agus breacann siad síos an méid a chloiseann siad. I mbeirteanna nó i ngrúpaí cruthaíonn siad scéalchlár ag baint úsáid as an méid atá cloiste acu. Is féidir scéalchláir dhigiteacha nó fhisiceacha a chruthú.

Scil na Scríbhneoireachta- ag cabhrú le scoláirí in NTI

  • Is straitéis í parsáil a chabhraíonn le scoláirí téacs deacair a mhiondealú ina smutáin níos inláimhsithe. Cabhraíonn ábhar a roinnt ina chodanna níos lú le scoláirí eochairfhocail agus smaointe a aithint, forbraíonn sé cumas na scoláirí athleagan a thabhairt, agus bíonn sé níos éasca do scoláirí eolas a eagrú agus a shintéisiú
  • Is féidir parsáil a úsáid le téacsanna dúshlánacha d'aon fhad, (leathanaigh/paragraif). D'fhéadfadh scoláirí a ngiotaí a scríobh síos ar eagraí grafach. (D'fhéadfaí codanna éagsúla den téacs céanna a thabhairt do scoláirí freisin mar chuid d'fhoghlaim Mhíreanna mearaí)
  • De réir mar a léann na scoláirí, b'fhéidir go gcuirfeadh siad ciorcal ar fhocail atá ar eolas acu, leideanna comhthéacs a úsáid chun brí a aimsiú, focail anaithnide a chuardach, comhchiallaigh a scríobh d'fhocail nua, líne a chur faoi eilimintí tábhachtacha nó iad a aibhsiú, m.sh. I measc na straitéisí eile a d'fhéadfadh a bheith ann tá léamh os ard/léamh arís agus arís eile
  • Ní chiallaíonn parsáil an téacs ach an téacs a bhriseadh síos ina chodanna níos lú. I gcás scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise acu d'fhéadfadh an múinteoir é sin a dhéanamh roimh ré
  • D'fhéadfadh scoláirí "smutáin" a athscríobh ina bhfocail féin ansin. Faoi dheireadh na gníomhaíochta, bíonn athleagan déanta den bhuntéacs ag na scoláirí
  • D'fhéadfaí an 'smután' athleagain a úsáid chun comparáid a dhéanamh le scoláirí eile mar ghníomhaíocht Mhíreanna mearaí chun a fháil amach cad é a 'pharsáil' siad. Is féidir le scoláirí scileanna idirghníomhaíocht labhartha agus ginchumas ó bhéal a fhorbairt in ST mar chuid den chéim seo freisin.

Parsáil - Ag cabhrú le scoláirí in NTI

  • Is iondúil go mbíonn an rang ar fad i gceist leis an léitheoireacht chomhroinnte agus an múinteoir ag léamh téacs méadaithe (m.sh. clár bán idirghníomhach) ina bhfuil dúshláin agus tacaíochtaí cuí do scoláirí a chinntíonn gur féidir le gach scoláire an téacs a fheiceáil
  • Is é cuspóir an téacs mhéadaithe gur féidir le scoláirí na focail a leanúint de réir mar a léann an múinteoir iad. Ar dtús b'fhéidir go ndéanfadh an múinteoir cuid mhaith den léitheoireacht. De réir mar a éiríonn na scoláirí níos eolaí ar an téacs, áfach, glacfaidh siad seilbh níos mó air.
  • Réamheolas na scoláirí a ghníomhachtú agus na hintinní foghlama agus na Critéir Ratha a roinnt leis na scoláirí
  • Spreag scoláirí tuar a dhéanamh faoin téacs, pléigh le scoláirí coinbhinsiúin na bhfoirmeacha téacs éagsúla, d'fhéadfadh scoláirí bríonna i dtéacsanna a phlé ina mbeirteanna, téacsanna a bhaineann leo agus lena dtaithí féin
  • Táthar ag súil go mbeidh scoláirí gafa go gníomhach fad is atá an múinteoir ag léamh, ag leanúint an téacs agus nuair a bhíonn siad muiníneach, ag teacht isteach agus ag léamh leis an múinteoir
  • Nascann sé seo le Príomhscil na Sraithe Sóisearaí Fanacht Folláin - a bheith dearfach faoin bhfoghlaim. 'I ngach snáithe, forbróidh an scoláire dearcadh dearfach i leith na foghlama teanga de réir mar a phléann sé leis an éagsúlacht agus a dhéanann sé machnamh ar a chuid éachtaí. ' (Sonraíocht NTI lch. 10).

Léitheoireacht Chomhroinnte - ag cabhrú le scoláirí in NTI