Want to make creations as awesome as this one?

More creations to inspire you

Transcript

Scoláirí mar Úinéirí ar an bhFoghlaim

Scoláirí a spreagadh chun a gcuid foghlama a fhéinrialú

Cad é?

Cad é anois?

  • Agus pleanáil á déanamh don fhoghlaim, conas a mheasaim ábhair spéise na scoláirí chun cabhrú lena n-úinéireacht ar a gcuid foghlama?
  • Conas is féidir liom scoláirí a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama?
  • Cad iad na straitéisí a úsáidim chun scoláirí a spreagadh le machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama?
  • Cad iad na struchtúir atá i bhfeidhm laistigh de mo roinn NTI le ligean do scoláirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama?

  • Ag baint úsáid as córas simplí soilse, léiríonn na scoláirí an dtuigeann siad: go maith (glas) go páirteach (ómra) nó beagán (dearg).
  • Trí phlé breise, míníonn scoláirí cad é a thuigtear (agus nach dtuigtear) agus cén fáth.
  • Cuireann sé sin, ina dhiaidh sin, bonn eolais faoina gcéad ghníomhartha eile don fhoghlaim.

Soilse Tráchta

Cuireann guth agus rogha mhéadaithe sa seomra NTI le rannpháirtíocht agus spreagadh na scoláirí. Cothaíonn aiseolas féinrialaithe toilteanas agus cumas chun féinmheasúnú a dhéanamh agus muinín agus neamhspleáchas a fhorbairt.

  • Déanann scoláirí míreanna a uaslódáil go rialta chuig spás ar líne (m.sh. MS OneNote, Google Classroom) chun cabhrú lena bhfoghlaim féin.
  • Is féidir míreanna a roinnt le daoine eile chun críocha aiseolais agus athbhreithnithe.
  • Is féidir le scoláirí na míreanna oibre is fearr a roghnú le haghaidh measúnaithe.

Spás Digiteach don Obair

  • Cuirtear bord de rudaí i láthair na scoláirí as a roghnóidh siad.
  • D'fhéadfadh sraith téacsanna nó gníomhaíochtaí (fuaime, scríofa agus amhairc) a bheith ar an mbord timpeall ar théama coiteann.
  • Roghnaíonn scoláirí téacsanna bunaithe ar a rogha féin, agus trína dhéanamh sin, bíonn siad in ann cur lena gcuid scileanna agus lena gcuid buanna.

Bord Rogha

Mar sin, cén chuma atá air seo sa seomra NTI?

An bhfuil cineálacha cuir chuige eile ann a úsáideann tú?

Seo thíos roinnt straitéisí a d'fhéadfadh do chuid smaointeoireachta a spreagadh.