Want to make creations as awesome as this one?

More creations to inspire you

Transcript

Fianaise ar Fhoghlaim a Léiriú

Ceisteanna, plé éifeachtach, tascanna agus gníomhaíochtaí

Cad é?

Cad é anois?

  • An dtugaim dóthain ama do na scoláirí smaoineamh agus freagairt?
  • Conas is féidir liom cabhrú le scoláirí a gcuid smaointe a fhorbairt sula bhfreagraíonn siad?
  • Conas is féidir liom cultúr comhoibrithe a fhorbairt chun cabhrú leis an bhfoghlaim agus chun tuiscint a fhorbairt?
  • Cé chomh mór is a bhainim leas as freagraí na scoláirí chun foghlaim a fhorbairt?
  • Conas a d'fhéadfainn cumas na scoláirí a fhorbairt le ceisteanna sa sprioctheanga a úsáid chun cabhrú lena bhfoghlaim?

  • Nuair a chuirtear ceist, iarrann an múinteoir ar na scoláirí smaoineamh sula bhfreagraíonn siad.
  • Cuirtear dóthain ama smaointeoireachta ar fáil do na scoláirí ansin.
  • Cothaíonn sé sin cuimsiú agus méadaíonn sé muinín na scoláirí.

Am Feithimh

  • Iarrtar ar scoláirí ceisteanna a scríobh atá acu ag baint úsáid as Poistíní, mionchláir bhána nó uirlisí digiteacha (m.sh. jamboard, clár bán MS).
  • Déantar plé agus déantar ceisteanna a théamú dá réir.
  • Tugtar cuireadh do scoláirí ceisteanna a fhreagairt nuair is féidir.
  • Cuireann na ceisteanna seo bonn eolais faoi na chéad chéimeanna eile atá ag an múinteoir.

Ceisteanna a Bhailiú

  • Sanntar róil do scoláirí le haghaidh idirghníomhaíocht labhartha (m.sh. idirghníomhaíocht faoina bpleananna saoire).
  • Spreagtar iad chun ceisteanna a chur agus a fhreagairt.
  • D'fhéadfadh bearnaí ina gcuid foghlama teacht chun cinn a chuireann bonn eolais faoi na chéad chéimeanna eile don mhúinteoir.

Rólimirtí a úsáid

Mar sin, cén chuma atá air seo sa seomra NTI?

Sa seomra NTI, tugann ceisteanna, comhrá, gníomhaíochtaí agus tascanna deis dúinn bearnaí, nó míthuiscintí, a aithint san fhoghlaim a chuireann bonn eolais faoinár gcéad chéimeanna eile chun teagasc agus foghlaim a phleanáil.

Seo roinnt samplaí a d'fhéadfadh do smaointeoireacht a spreagadh:

An bhfuil cineálacha cuir chuige eile ann a úsáideann tú?