Want to make creations as awesome as this one?

Transcript

Pleanáil le Torthaí Foghlama

Cabhrú le Foghlaim Scoláirí

Cleachtas Comhoibríoch agus Aonair Múinteoirí

Torthaí Foghlama: Croílár ár sonraíochta ábhair

1

Pleanáil d'fhoghlaim an scoláire le torthaí foghlama

2

Breithnithe pleanála

3

Pleanáil chun go léireoidh scoláirí a gcuid foghlama

Cliceáil ar na huimhreacha chun teacht ar ábhar

4

Torthaí Foghlama Cuireann teagasc atá bunaithe ar thorthaí foghlama béim bhreise ar ról an scoláire ina chuid foghlama. Aithnítear sna torthaí foghlama i sonraíochtaí ábhair an méid a bheidh ar eolas ag an scoláire, a thuigfidh siad, a bheidh siad in ann a dhéanamh agus a gcuirfidh siad luach leis faoi dheireadh an tríú bliain. Nuair a dhíríonn an teagasc ar an méid is féidir le scoláirí a dhéanamh le heolas agus le tuiscint, roghnaímid modheolaíochtaí a chabhraíonn le scoláirí a gcuid eolais, tuisceana, scileanna agus luachanna a fhorbairt go gníomhach agus iad ag obair ina n-aonar, i mbeirteanna nó i ngrúpaí. Agus sinn ag cinntiú go mbíonn na scoláirí gníomhach ina gcuid foghlama, cuirtear ar chumas an scoláire a dhéanamh soiléir cad é a thuigeann siad nó nach dtuigeann siad. D'fhéadfadh scoláirí aiseolas a fháil óna múinteoirí nó óna bpiaraí ansin chun foghlaim a bhogadh ar aghaidh nó tabhairt faoi ghníomhaíochtaí foghlama breise chun a dtuiscint a mhéadú. Nuatheangacha Iasachta Glacfaimid toradh foghlama 1.22 mar shampla: Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire: 1.22 téacsanna a tháirgeadh agus a chur in eagar agus idirghníomhú le daoine eile ach teicneolaíochtaí digiteacha cuí a úsáid. I ngach toradh foghlama, insíonn an briathar dúinn cén cumas nó scil atá beartaithe againn a bheidh an scoláire in ann a léiriú go gníomhach. I roinnt torthaí foghlama, b'fhéidir go mbeadh níos mó ná briathar amháin againn. Inár gcuid pleanála, is féidir linn cinneadh a dhéanamh díriú ar cheann amháin nó níos mó de na briathra ag brath ar an bhfoghlaim atá á pleanáil againn dár gcuid scoláirí. Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire: 1.22 téacsanna a tháirgeadh agus a chur in eagar agus idirghníomhú le daoine eile ach teicneolaíochtaí digiteacha cuí a úsáid. Insíonn an chuid eile den toradh foghlama dúinn conas a bheidh scoláirí in ann a gcuid eolais, tuisceana, cumais nó luachanna a léiriú le linn nó faoi dheireadh an aonaid fhoghlama. Arís, d’fhéadfaí é sin a bhriseadh síos chun oiriúint don fhoghlaim atá beartaithe agus d’aois agus do chéim ár scoláirí, m.sh. thiocfadh linn pleanáil le go n-oibreodh scoláirí ina n-aonar nó i gcomhar le chéile agus béim a chur ar ‘le daoine eile’ mar is cuí. I Nuatheangacha Iasachta, tá sonraíocht ábhair chomhtháite againn le trí shnáithe. Déanann múinteoirí aonaid foghlama a phleanáil le torthaí foghlama ó gach snáithe. Cé go bhfuil cúig scil teanga againn (léitheoireacht, éisteacht, scríbhneoireacht, táirgeadh labhartha, idirghníomhú cainte) agus tá sé beartaithe againn an oiread de na scileanna seo a fhorbairt agus is féidir inár gcuid pleanála agus i bhfoghlaim na scoláirí ar bhonn laethúil, beidh sé i gceist againn díriú ar scil amháin nó dhá scil teanga go háirithe thar aonad foghlama, ag brath ar an bhfoghlaim atá beartaithe don aonad foghlama agus ar na torthaí foghlama a roghnaítear. Cuirfidh sé sin bonn eolais freisin faoin gcaoi a léireoidh na scoláirí a gcuid foghlama. Mar shampla, in aonad foghlama le toradh foghlama 1.22, d'fhéadfadh an scoláire téacsanna a tháirgeadh nó a chur in eagar ina n-aonar nó go comhoibríoch. D'fhéadfá an teimpléad pleanála portráide nó tírdhreacha againn a úsáid chun do phleananna ábhair a eagrú. Má tá ár dteimpléad idirghníomhach in úsáid agat, tá físghabháil scáileáin ann freisin chun a thaispeáint duit conas aird a tharraingt ar ghnéithe atá i bhfócas. Le Haghaidh Tuilleadh Breithnithe Tá Claire Wyatt-Smith ina stiúrthóir ar an Institiúid um Eolaíochtaí Foghlama agus Oideachas Múinteoirí in Ollscoil Chaitliceach na hAstráile. Tá sí ina Stiúrthóir freisin ar an Ionad Taighde um Shonraí Digiteacha agus Measúnú san Oideachas in Ollscoil Chaitliceach na hAstráile. Díríonn a cuid oibre ar thionchar an mheasúnaithe ar fhoghlaim na scoláirí ó pheirspictíochtaí an taighde, cleachtas múinteoirí agus beartais. Agus tú ag breathnú ar an bhfíseán thíos, smaoinigh ar an gceist seo a leanas:

  • Conas a d'fhéadfadh cur chuige bunaithe ar thorthaí foghlama cabhrú leis an bhfoghlaim agus le teagasc ata foghlaimeoir-dhírithe?
https://drive.google.com/file/d/1suT9doaItgDNoGikiXlwmC2o8JHWeFya/view?usp=sharing Claire Wyatt-Smith 1.mp4nullGoogle Drive

Pleanáil d'Fhoghlaim Scoláirí: Torthaí Foghlama "Leagfaidh múinteoirí béim bhreise ar an measúnú a chomhtháthú ina dteagasc ionas go mbeidh ar a gcumas monatóireacht níos fearr a dhéanamh ar dhul chun cinn na scoláirí san fholhlaim agus tuiscint a fháil ar an tslí inar féidir leo tacú le scoláiri chun machnamh agus anailís chriticiúil a dhéanamh ar a bhfohlaim féin." (Creat don tSraith Shóisearach 2015, lt. 32) Trí dhíriú ar an eolas, an tuiscint, na scileanna agus na luachanna a fhorbróidh an scoláire thar aonad foghlama, is féidir linn a bheith níos soiléire trí intinní foghlama agus critéir ratha do scoláirí faoi cad é, conas, cé leis agus cén fáth a bhfuil siad ag foghlaim. Tá breathnú, anailísiú, breithiúnais a dhéanamh agus freagairt d'fhoghlaim na scoláirí i seomraí ranga ag croílár oideachas na sraithe sóisearaí. Úsáidfear an t-eolas agus an fhianaise ar an bhfoghlaim a bhailítear chun bonn eolais a chur faoi na chéad chéimeanna eile i dteagasc, i bpleanáil agus i bhfoghlaim na scoláirí. Nuatheangacha Iasachta Tá sé i gceist go gcabhróidh an ghrafaic faisnéise thíos le múinteoirí ina gcuid pleanáil chomhoibríoch agus aonair le torthaí foghlama. Briseann sé an próiseas pleanála ina dhá chéim, an chéad cheann leis an roinn NTI againn agus an dara ceann laistigh dár réimse ábhair nó pleanáil aonair. Tá sraith ceisteanna machnamhacha ann freisin a d'fhéadfadh a bheith úsáideach do mhúinteoirí chun cabhrú le próisis smaointeoireachta maidir le pleanáil d'fhoghlaim scoláirí ag úsáid na dtorthaí foghlama. Le Haghaidh Tuilleadh Breithnithe Agus tú ag breathnú ar an bhfíseán thíos, smaoinigh ar na ceisteanna seo a leanas:

  • Conas a chabhródh pleanáil chomhoibríoch ag úsáid torthaí foghlama le plé idir múinteoirí agus lena dtuiscint ar ghnéithe cáilíochta inmhianaithe i bhfoghlaim na scoláirí chun bonn eolais a chur faoina gcuid teagaisc?
  • Cén éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag na comhráite sin ar fhoghlaim na scoláirí agus ar an teagasc sa seomra ranga?
https://drive.google.com/file/d/11mrNth39IUCaGQsuBfpOiJA6sCJTxe1m/view?usp=sharing Claire Wyatt-Smith 4.mp4nullGoogle Drive

Ceisteanna Pleanála

  • Ar bhreithnigh muid ar réamhfhoghlaim ár gcuid scoláirí chun cabhrú leis an bhfoghlaim nua seo?
  • Cén chaoi a bhfuil a fhios againn nuair a bhíonn ár gcuid scoláirí réidh le dul chun cinn a dhéanamh?
  • Agus iad ag dul chun cinn, cad é a ba mhaith liom a bheith ar eolas acu, a bheith le tuiscint acu agus iad a bheith in ann a dhéanamh ina dhiaidh seo?
  • Cad iad na heispéiris foghlama ghníomhacha a bheidh beartaithe agam chun cabhrú le foghlaim nua na scoláirí?
  • Conas a léireoidh an scoláire go bhfuil an fhoghlaim a beartaíodh bainte amach acu?
  • Cén áit a dtógfaidh mé aiseolas isteach agus cén cineál aiseolais a bheadh i gceist; múinteoir - scoláire, scoláire - scoláire, machnamh?
Le Haghaidh Tuilleadh Breithnithe Agus tú ag breathnú ar an dá fhíseán thíos, smaoinigh ar na ceisteanna gaolmhara:
  • Físeán 1: Conas a d'fhéadfaí ‘seansanna ar theip' a laghdú do scoláirí trí phleanáil chomhoibríoch le torthaí foghlama?
  • Físeán 2: Cén tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag rath na scoláirí san fhoghlaim ar ár gcinntí gairmiúla mar roinn NTI agus mar mhúinteoirí aonair ranga?
https://drive.google.com/file/d/1wokp3ptoIzaHHP3OJSgvhE4MMAcbhHHp/view?usp=sharing Claire Wyatt-Smith 2.mp4nullGoogle Drive https://drive.google.com/file/d/1pvCeSHrN0aFTXTH6pUdpaYGrPAHpZrSu/view?usp=sharing Claire Wyatt-Smith 3.mp4nullGoogle Drive

Scoláirí ag Léiriú Foghlama & Múinteoirí ag Bailiú Fianaise ar Fhoghlaim

  • Nuair a phleanáilimid don teagasc agus don fhoghlaim, an bhfuil sé beartaithe againn conas a léireoidh scoláirí a gcuid foghlama le cinntiú go mbíonn an méid a fhoghlaimítear ag teacht leis an léiriú ar eolas, scileanna agus luachanna faighte?
  • Agus intinní foghlama agus critéir ratha á bhforbairt, mar phobal ranga, an gcinntímid go bhfuil an chaoi a léireoidh scoláirí an fhoghlaim atá déanta, go bhfuil sin ag teacht leis na haidhmeanna foghlama agus leis na critéir ratha?
  • Agus muid ag pleanáil do scoláirí an fhoghlaim a beartaíodh, agus atá bainte amach acu, a léiriú an gcuireann sin bonn eolais faoin méid agus faoin modh a theagascaimid / faoin méid agus faoin modh a fhoghlaimíonn ár gcuid scoláirí? An gcruthaímid deiseanna do scoláirí Príomhscileanna na Sraithe Sóisearaí a léiriú ina gcuid foghlama teanga?
  • Nuair a phleanáilimid do scoláirí a gcuid foghlama a léiriú, an smaoinímid ar an gcaoi a gcuirfimid aiseolas foirmitheach ar fáil do scoláirí agus cad é a d'fhéadfaimis a chur isteach ann?
  • Chun cabhrú le foghlaim na scoláirí, an iarraimid ar scoláirí a gcuid foghlama a léiriú ag tús, le linn nó ag deireadh aonaid foghlama? Conas a chuireann sé seo bonn eolais faoi na chéad chéimeanna eile againn?
Le Haghaidh Tuilleadh Breithnithe Agus tú ag breathnú ar an dá fhíseán thíos, smaoinigh ar na ceisteanna gaolmhara:
  • Físeán 1: Cén tionchar a d’imreodh sé ar fhoghlaim na scoláirí má dhéanaimid pleanáil chomhoibríoch ar an bhfoghlaim (eolas, tuiscint, scileanna agus luachanna) a bheidh ag teastáil ó scoláirí chun fianaise a thaispeáint sula dtosóimid ag teagasc?
  • Físeán 2: Más é príomhchuspóir an mheasúnaithe deis a thabhairt do scoláirí fianaise a thabhairt ar fhoghlaim a rinne siad, conas a d'fhéadfadh sé sin tionchar a imirt ar phleanáil chomhoibríoch sa roinn NTI againn agus sna réimsí ábhair?
https://drive.google.com/file/d/1KikFUm0-E_FDoboRkXJ_CkgmILYxvvg1/view?usp=sharing Claire Wyatt-Smith 5.mp4nullGoogle Drive https://drive.google.com/file/d/1NwZo5HLymcEaQt0c1n-i6rR-ClqanprE/view?usp=sharing Claire Wyatt-Smith 6.mp4nullGoogle Drive